← Ní fhacadar éinne istigh ach seanduine a bhí ina shuí ar bhloc sa chúinne, a cheann faoi agus a dhá lámh faoina smig aige. 🔊✎
← Nuair a tháinig Fionn agus na Fianna isteach níor chorraigh éinne acu agus níor thógadar a gceann. 🔊✎
← Le féachaint orthu ní aithneodh éinne orthu go raibh aon ruain ite acu. 🔊✎
← Níor fhág siad aon ghreim bia ná dí orthu gan slogadh agus siúd chun na tine arís iad i dteannta an tseanduine agus ní aithneodh éinne orthu ar chuir siad aon ní ina mboilg. 🔊✎
← "Agus inis dom anois," arsa Fionn, "cén saghas iad na sé ghadhar a d'ith ar cuireadh ar na boird, an dá uair, de bhia is de dheoch, agus nach n-aithneodh éinne orthu gur ith siad aon ghreim?" 🔊✎